Tús curtha le hoibreacha laghdaithe sceite in Indreabhán
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Tiocfaidh criúnna Uisce Éireann chuig Cor na Rón in Indreabhán níos déanaí an mhí seo chun tús a chur le hoibreacha laghdaithe sceite. Cuirfidh siad príomhphíobáin uisce nua in ionad 900 méadar de shean-phríomhphíobán uisce d’fhonn soláthar uisce níos iontaofa a thabhairt don cheantar.
Áireofar leis an tionscadal naisc seirbhíse uisce nua a shuiteáil ón bpríomhphíobán poiblí chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí. Leis na huasghráduithe seo cuideofar leis an líonra a neartú agus laghdófar méid an uisce a chailltear trí sceitheadh.
Mar thoradh ar na hoibreacha laghdaithe sceite seo laghdófar líon na bpléascthaí agus na mbristeacha ar sholáthar agus beidh laghdú nach beag ar mhéid an uisce óil ghlain a chailltear sa talamh.
Leis an tionscadal clúdaítear dhá chuid ar leith de bhóthar áitiúil atá suite thart ar 1.7km óna chéile feadh an R336
Beidh na hoibreacha ar siúl ag na láithreacha a leanas:
- Bóithrín naCeartán (Uimhreacha na mbóithre: L 5205 0, L 5205 2 agus L 5205 4)
- Bóithrín Com Thaidhg (Uimhir an bhóthair: L 52046 0)
D’fhonn tógáil shábháilte a éascú:
- Beidh atreorú bóthair áitiúil i bhfeidhm fad a bheidh na hoibreacha á gcur i bhfeidhm ar Bhóithrín naCeartán.
- Beidh soilse tráchta dhá threo ag teastáil ag pointí naisc ar an R336.
Cuirfear comharthaíocht áitiúil suas chun cuidiú le húsáideoirí bóithre a mbealach a dhéanamh tríd an gceantar le linn na n-oibreacha. Coimeádfar rochtain áitiúil agus éigeandála i gcónaí, agus gheobhaidh custaiméirí fógra 48 uair an chloig ar a laghad maidir le bristeacha ar bith atá beartaithe ar an soláthar uisce.
Dúirt Enda Mac Namara ó Uisce Éireann: “Is ionann gach uasghrádú a chuirimid i gcrích agus infheistíocht i dtodhchaí ár bpobal. Trí phíobáin nua a chur in ionad seanphíobán agus trí dhul i ngleic le sceitheadh, táimid ag cosaint acmhainní uisce luachmhara, ag feabhsú iontaofachta laethúla, agus ag forbairt líonra a bheidh ag freastal ar phobail le fiche nó tríocha bliain le teacht. Trí gach sceitheadh deisithe táimid ag bogadh níos gaire do chóras uisce níos glaine, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe.”
Is é Farrans Construction a chuirfidh an tionscadal i gcrích thar ceann Uisce Éireann agus táthar ag súil go gcríochnófar é faoi shamhradh 2026.
Aithníonn Uisce Éireann go bhféadfadh na hoibreacha riachtanacha sin a bheith míchaoithiúil agus gabhann sé a bhuíochas leis an bpobal áitiúil as ucht a gcuid foighne agus comhoibrithe. Déanfaidh criúnna a ndícheall chun an cur isteach a íoslaghdú.
“Is fiú an iarracht ghearrthéarma ar mhaithe leis na tairbhí fadtéarma,” arsa Enda.
Tá Ionad Teagmhála Custaiméirí Uisce Éireann, atá ar oscailt 24/7 ar shaorghlao 1800 278 278, ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt.
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.