Skip to main content

Cuirfidh uasghráduithe ar an bpríomhlíonra soláthar feabhsaithe ar fáil don Spidéal

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section

Is féidir le custaiméirí Uisce Éireann i sráidbhaile álainn An Spidéal i gConamara a bheith ag súil le soláthar uisce feabhsaithe agus tús á chur le clár uasghráduithe ar an bpríomhlíonra.

Beidh criúnna ag teacht go Both Chuanna Thoir ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh chun tús a chur le hoibreacha chun píobáin nua-aimseartha a chur in áit 355 méadar de shean-phríomhphíobáin uisce mar chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann.

Is mar gheall ar líon mór sceití ar an líonra áitiúil atá na huasghráduithe seo á ndéanamh, agus chun rátaí sceite ón sean-phíbobair a laghdú. Mar thoradh ar na huasghráduithe, beidh soláthar uisce níos sláine ann do chustaiméirí teaghlaigh agus gnó sa cheantar, beidh caighdeán níos fearr uisce óil sa sconna agus beidh níos lú fadhbanna oibríochtúla ann amach anseo.

Dúirt Enda Mac Namara, Bainisteoir Cláir Uisce Éireann, go mbainfidh cónaitheoirí, úinéirí gnó agus cuairteoirí ar an Spidéal leas as na hoibreacha uasghrádaithe seo.

“Tá an-áthas orainn go bhfuil tús á chur againn leis an gclár uasghráduithe seo sa Spidéal. Mar gheall ar na huasghráduithe suntasacha seo, cuirfear soláthar níos iontaofa ar fáil dár gcustaiméirí agus ag an am céanna, laghdófar an baol go gcuirfí isteach ar an líonra agus cabhrófar linn oibriú chun ár sprioc maidir le méid an uisce óil chóireáilte a chailltear mar gheall ar sceitheadh faoi thalamh a laghdú,” a dúirt Enda.

D’fhonn na huasghráduithe sin a dhéanamh ar an bpríomhlíonra ar bhealach sábháilte, beidh gá le dúnadh bóthair áitiúil ag Both Chuanna Thoir (an L-52013-0). Beidh malairtí slí i bhfeidhm ar feadh tréimhse an dúnta bóthair, ach beidh rochtain áitiúil agus rochtain éigeandála ann i gcónaí, áfach.

Tá na hoibreacha ar fad á gcur i gcrích ag Farrans Construction thar ceann Uisce Éireann. Tá sé beartaithe go gcuirfear tús leis na hoibreacha an tseachtain seo chugainn agus táthar ag súil go gcuirfear i gcrích iad faoi lár an tsamhraidh.

Tá foirne tiomnaithe ag Clár Náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann a oibríonn ar fud na tíre chun 2,000 sceitheadh ar an meán a dheisiú in aghaidh na míosa. 

Tá sean-bhonneagar á athsholáthar againn amhail píobáin chun uisce a chosaint, seirbhís a fheabhsú agus tacú le líonra níos láidre agus níos iontaofa, rud a chabhróidh linn pleanáil don todhchaí de réir mar a mhéadóidh an t-éileamh.  

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú.    

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.