Skip to main content

Fógra ama teagmhála

Chun uisce a dhíghalrú agus é a dhéanamh sábháilte le hól ní mór dúinn an méid ceart clóirín a chur leis ar feadh an achair ama cheart. Eisímid fógraí Ama Teagmhála más amhlaidh nár oibrigh an próiseas díghalraithe le clóirín mar is ceart.

Na nuashonruithe is déanaí

Féach má tá Fógra Ama Teagmhála i bhfeidhm ar do sholáthar uisce.

Clóirín agus fógraí Ama Teagmhála

Úsáidtear clóirín ar fud an domhain chun cóireáil a dhéanamh ar uisce. Tá an-mhianach ann maidir le baictéir dhíobhálacha atá ina siocair le breoiteacht a mharú. Le go rachadh clóirín i bhfeidhm, caithfear dóthain clóirín a chur leis an uisce agus a dhóthain ama a thabhairt dó. Is é an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) a shocraigh an caighdeán d'Am Teagmhála. Tá Uisce Éireann i mbun an chaighdeáin seo a chur i bhfeidhm ar ár gClár Náisiúnta Díghalraithe.

Cathain a eisímid fógra Ama Teagmhála

Déanaimid monatóireacht agus tástáil go rialta ar sholáthairtí uisce uile. Más léir dúinn go bhfuil fadhb ag baint le hAm Teagmhála:

  • Téimid i gcomhairle le Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (FSS), an t-údarás reachtach ar shláinte poiblí.
  • Insímid do chustaiméirí atá buailte más é an cás tar éis dúinn dul i gcomhairle leis an FSS go bhfuil riosca ann do shláinte an phobail.
  • Cuirimid Fógra Fiuchta Uisce nó Fógra Ná hÓltar ar an soláthar uisce.
  • Cuirimid an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ar an eolas.
  • Déanaimid iniúchadh ar chúis na faidhbe agus déanaimid í a réiteach.

D'fhonn sláinte an phobail a chosaint, uaireanta eisímid fógra sula ndearbhaítear an riosca le torthaí na tástála. Mar shampla, má theipeann ar chóras díghalraithe nó má dhéantar foinse uisce a thruailliú.

Na cineálacha fógraí Ama Teagmhála atá ann

Tá dhá chineál fógraí ama teagmhála ann:

Icon

Fógra déach

Más é fógra Déach a fhaigheann tú, cuirtear 2 rogha faoi do bhráid maidir le conas an t-uisce a dhéanamh sábháilte. 1. Cuir an t-uisce i leataobh ar feadh 30 nóiméad ar a laghad le deis a thabhairt dó díghalrú a dhéanamh 2. Fiuch an t-uisce agus lig dó fuarú.

Icon

Fógra fiuchta uisce

Le linn d'Fhógra Fiuchta Uisce a bheith i bhfeidhm, ní mór do chustaiméirí uisce a fhiuchadh agus ligean dó fuarú.

Soláthairtí ina bhfuil fógraí Ama Teagmhála Ná hÓl i bhfeidhm

Soláthar uisceDaonra atá buailte (meastachán)Líon na réadmhaoine atá buailte (meastachán)Daonra Iomlán% den soláthar atá buailteFógra eisitheFógra tógtha (est.)Faigh Éirchód
Cnoc an Dúin2791322731/07/2019TBCDéach

Soláthar uisceDaonra atá buailte (meastachán)Líon na réadmhaoine atá buailte (meastachán)Daonra Iomlán% den soláthar atá buailteFógra eisitheFógra tógtha (est.)Faigh Éirchód
Aughcasla42143421209/06/2020Q2 2021Déach

Soláthar uisceDaonra atá buailte (meastachán)Líon na réadmhaoine atá buailte (meastachán)Daonra Iomlán% den soláthar atá buailteFógra eisitheFógra tógtha (est.)Faigh Éirchód
An Trá63610013/11/2020Q2 2021BWN

Soláthar uisceDaonra atá buailte (meastachán)Líon na réadmhaoine atá buailte (meastachán)Daonra Iomlán% den soláthar atá buailteFógra eisitheFógra tógtha (est.)Faigh Éirchód
Baile Shláine313,0100.105/07/20192021BWN
Maigh Dearmhaí621,7250.3505/07/20192021BWN

Soláthar uisceDaonra atá buailte (meastachán)Líon na réadmhaoine atá buailte (meastachán)Daonra Iomlán% den soláthar atá buailteFógra eisitheFógra tógtha (est.)Faigh Éirchód
Poll na gCuinneog, Cluain Meala96362,5664.211/10/2018TBCDéach

Soláthar uisceDaonra atá buailte (meastachán)Líon na réadmhaoine atá buailte (meastachán)Daonra Iomlán% den soláthar atá buailteFógra eisitheFógra tógtha (est.)Faigh Éirchód
Carraig na nGabhar1314389222/12/2021TBCDéach
Tigh na Binne1636964422/12/2021TBCDéach
Baile Shiobháin10441112 07/01/2022TBCDéach
Gráig na Gaoithe461740 07/01/2022TBCDéach

An Clár Náisiúnta Díghalraithe

Faoin gclár seo, d'aimsíomar dornán ionad réadmhaoine nach raibh díghalrú iomlán déanta ar a soláthar uisce. Bhí na hionaid réadmhaoine seo go léir suite gar d'ionad cóireála uisce agus b'amhlaidh go raibh dóthain clóirín curtha leis an soláthar uisce. Fós féin, níor tugadh an 30 nóiméad don chlóirín a cuireadh isteach le go n-imoibreodh sé leis an uisce.

Níor fhágfadh a dhóthain ama mar sin le go bhféadfaí an t-íoschaighdeán leagtha síos ag an EDS a chomhlíonadh maidir le díghalrú an uisce. Chuamar chun cainte leis an FSS agus GCC. Le sláinte an phobail a chosaint, eisíomar fógraí do gach ionad réadmhaoine a bhí thíos leis seo.

Caighdeáin uisce EDS

Is í an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) a shocraigh an t-am teagmhála (Ct) agus é ina íoschaighdeán nach foláir do gach soláthar uisce óil cloí leis. Tá Uisce Éireann i mbun an chaighdeáin seo a chur i bhfeidhm ar a Chlár Náisiúnta Díghalraithe.

Is in aonad cumaisc a chuirtear Am Teagmhála in iúl ar a dtugtar nóiméid mhilleagraim in aghaidh an Lítir (mg.nóim/Lítear). Dar le EDS, caithfidh Ct de 15mg.nóim/L a bheith ag uisce chun an t-íoschaighdeán le haghaidh díghalrú a chomhlíonadh, mar shampla:

  • Má tá 0.5mg/L de chlóirín i do chuid uisce agus más amhlaidh gur ligeadh dó meascadh go hiomlán ar feadh 30 nóiméad, fágann sé sin go mbeidh Ct de 0.5mg/L x 30 nóiméad = 15mg.nóim/Lítear aige mar sin. Is é seo an t-íoschaighdeán EDS le haghaidh díghalrú.
  • Má tá 0.5mg/L de chlóirín i do chuid uisce agus más amhlaidh nár ligeadh dó meascadh go hiomlán ach ar feadh 20 nóiméad, fágann sé sin go mbeidh Ct de 0.5mg/L x 20 nóiméad = 10mg.nóim/Lítear aige mar sin. Ní bhaineann sé seo an t-íoschaighdeán EDS le haghaidh díghalrú amach.
  • Má chuirtear an iomad clóirín san uisce óil chun a ghiorra is a bhí an t-am teagmhála a chúiteamh, tá seans maith ann go dtiocfaidh blas clóirín do-ghlactha ar do chuid uisce.

Glaoigh ar ár bhFoireann Cúraim Custaiméirí

1800 278 278 / Idirnáisiúnta +353 1 707 2828.