Oibreacha riachtanacha ar siúl chun an soláthar uisce a chosaint in Iarthar Dhún na nGall
Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section
Tá iarrachtaí Uisce Éireann chun an soláthar uisce a chosaint do thithe agus do ghnólachtaí in Iarthar Dhún na nGall ag dul ar aghaidh go fóill, beidh oibreacha cothabhála riachtanacha ar siúl an tseachtain seo chugainn.
Beidh criúnna i mbun oibreacha tábhachtacha glanta taiscumair in Ionad Cóireála Uisce Chroithlí Dé Luain, an 01 Nollaig. Ar an Máirt agus ar an gCéadaoin, leanfar ar aghaidh le hoibreacha ag taiscumair sna ceantair a leanas; Leitir Mhic an Bhaird, An Machaire, Port Nua, Ros Beag agus sna ceantair máguaird, seans go gcuirfear isteach ar an soláthar uisce chuig custaiméirí sna ceantair seo fad is a bheidh na hoibreacha ar siúl.
Beidh na hoibreacha ar siúl idir 8am agus 6pm agus déanfaidh na criúnna a seacht ndícheall na hoibreacha riachtanacha glantacháin a chur i gcrích agus an gnáthsholáthar a thabhairt ar ais chuig gnáthleibhéil a luaithe agus is féidir é a dhéanamh.
Agus é ag labhairt faoi na hoibreacha cothabhála, dúirt Damien O’Sullivan ó Uisce Éireann,
‘Tá na hoibreacha glanta taiscumair seo riachtanach ionas gur féidir soláthar uisce atá sábháilte agus iontaofa a chur ar fáil do chustaiméirí. Beidh an gnáthsholáthar uisce ar fáil arís chuig móramh na gcustaiméirí taobh istigh de chúpla uair an chloig, ach i gcás na gcustaiméirí atá ar thalamh ard, seans go mbeidh an soláthar stadach go dtí tráth níos déanaí um tháthnóna, fad is a bheidh na leibhéil uisce sa líonra agus sna taiscumair ag teacht chucu féin arís. D’fhéadfadh go mbeadh dath ar an uisce i gcás roinnt custaiméirí fad is a bheidh na taiscumair á n-athlíonadh, ní mhairfidh sé seo ach tréimhse ghearr.”
Agus dúirt Damien,“Tuigeann Uisce Éireann an mhíchaoithiúlacht a bhíonn i gceist nuair a bhíonn oibreacha pleanáilte cosúil leo seo ar siúl, gabhaimid buíochas le custaiméirí as a bheith foighneach fad is atá na hoibreacha riachtanacha seo á gcur i gcrích againn.”
Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt le do thoil ar Supply and Service Updates ar ár láithreán gréasáin. Bíonn líne chabhrach na gcustaiméirí de chuid Uisce Éireann ar oscailt 24/7 agus is féidir le custaiméirí glaoch a chur orainn ar 1800 278 278 agus teagmháil a dhéanamh linn ar X @IWCare.
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil poiblí agus seirbhísí fuíolluisce a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chumasú chun dul chun cinn a dhéanamh trí uasghrádú agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhonneagar bunriachtanach rud a thacóidh le fás agus le forbairt inbhuanaithe agus ina theannta sin táimid tiomanta d’ uisce óil sábháilte a sholáthar mar aon le feabhas a chur ar an timpeallacht.
Chun tuilleadh eolais a fháil. Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Uisce Éireann.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.